Baineann an suíomh gréasáin seo úsáid as fianáin. Is ionann leanúint d’úsáid an tsuímh seo agus deimhniú go bhfuil comhaontú intuigthe ann go ngéilleann an cuairteoir don seasamh sin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an úsáid a bhainimid as fianáin téigh chuig ár bhfógra príobháideachais. 

Mheán Fómhair 2016 - Cuireann an Bord um Chúnamh Dlíthiúil fáilte roimh ‘Abhaile’ – an tSeirbhís Réitigh Riaráistí Morgáiste, a sheolfaidh an Rialtas

Chuir an Bord um Chúnamh Dlíthiúil fáilte ní ba luaithe inniu roimh sheoladh Abhaile , an tSeirbhís nua Réitigh Riaráistí Morgáiste leis an Tánaiste agus an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an tUasal Frances Fitzgerald, T.D., agus an tAire Coimirce Sóisialaí, an Dr Leo Varadkar, T.D.

Cuid lárnach den tSeirbhís is ea Scéim Chúnaimh agus Chomhairle d’Iasachtaithe a bhfuil Riaráistí Morgáiste Baile acu, a chuirfidh comhairle airgeadais agus dlí saor in aisce do shealbhóirí morgáiste atá dócmhainneach agus atá i mbaol a dteach a chailleadh chomh maith. Éascaíonn an Bord um Chúnamh Dlíthiúil trí chuid den scéim: seirbhís comhairle dlí do dhaoine dócmhainneacha a bhféadfadh athshealbhú a dtí a bheith i ndán dóibh, seirbhís úrnua “aturnae dualgais” ina mbeidh aturnae i láthair chun cabhrú le hiasachtaithe ag liostaí na cúirte athshealbhaithe, agus seirbhís um chúnamh dlíthiúil le haghaidh athbhreithnithe cúirte ar shocruithe um dhócmhainneacht phearsanta a dhiúltaigh creidiúnaithe.

Dúirt John McDaid, Príomhfheidhmeannach an Bord um Chúnamh Dlíthiúil, an méid a leanas agus fáilte á cur aige roimh an Scéim, “tá áthas ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil páirt a ghlacadh leis an scéim seo a sholáthar, a sholáthróidh comhairle agus cúnamh airgeadais agus dlíthiúil a bhfuil géarghá leis do dhaoine atá i bhfíorbhaol a dtithe a chailleadh. Aithníonn an Bord an tábhacht a bhaineann le comhlachtaí poiblí a bheith ag oibriú le chéile chun freastal ar riachtanais na ndaoine a bhfuil orthu freastal orthu”.

Cuireadh tús leis an Scéim an 22 Iúil 2016 agus tá sí á comhordú go comhpháirteach ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus an Roinn Coimirce Sóisialaí. Is iad na heagraíochtaí eile a bhfuil baint acu leis an Scéim a sholáthar, seachas an Bord um Chúnamh Dlíthiúil, Forbairt Náisiúnta Teoranta an SBCA (‘MABS National Development Limited’), Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann, agus an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Gníomhóidh an SBCA mar an tairseach don Scéim agus ba cheart do dhaoine ar spéis leo bheith rannpháirteach sa Scéim, ar an gcéad dul síos, teagmháil a dhéanamh lena seirbhís áitiúil de chuid an SBCA. Tá níos mó faisnéise ar fáil ar líne ag www.mabs.ie. Críoch

Chun teacht ar bhreis faisnéise, déan teagmháil le:
An tUasal John McDaid, Príomhfheidhmeannach, 087 6597358

Nótaí d’eagarthóirí:

1. Is éard atá sa Scéim seo ná gné chomhairle airgeadais agus gné chomhaire dlí agus chúnaimh dhlíthiúil. Soláthróidh comhairleoirí tiomnaithe riaráistí morgáiste (atá ag oibriú i seirbhísí an SBCA), cuntasóirí, agus cleachtóirí dócmhainneachta pearsanta an ghné chomhairle airgeadais.

2. Tá trí shnáithe ar leith sa ghné chomhairle dlí agus chúnaimh dhlíthiúil:

a. Seirbhís Aturnae Comhairliúcháin – aturnae a sholáthróidh comhairle dlí don iasachtaí. I roinnt cásanna, beidh siad in ann réiteach a idirbheartú, chomh maith, le hiasachtóir an duine.

b. Seirbhís Aturnae Dualgais – beidh aturnae dualgais i láthair ag gach liosta athshealbhaithe sa Chúirt Chuarda ar feadh fhad na scéime. B’fhéidir go mbeidh an tAturnae Dualgais in ann labhairt thar ceann an iasachtaí, ach ní féidir leis/léi ionadaíocht a dhéanamh dóibh in imeachtaí.

c. Seirbhís Athbhreithnithe Cúirte um Dhócmhainneacht Phearsanta – Soláthróidh seo cúnamh dlíthiúil do dhaoine chun iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú cúirte ar Chomhaontú um Dhócmhainneacht Phearsanta a dhiúltaigh a gcreidiúnaithe.

3. Soláthróidh aturnaetha i gcleachtas príobháideach na seirbhísí. Chuir an Bord um Chúnamh Dlíthiúil painéal aturnaetha i bhfeidhm a chomhaontaigh chun seirbhísí a sholáthar faoin Scéim.

4. Ba cheart do dhaoine ar mian leo go gcuirfear seirbhísí ar fáil dóibh faoin Scéim teagmháil a dhéanamh lena seirbhís áitiúil de chuid an SBCA nó cuairt a thabhairt ar www.keepingyourhome.ie chun teacht ar bhreis sonraí, sonraí faoi na critéir incháilitheachta ina measc. Tá fáil ar achoimre ar an scéim, chomh maith, ar láithreán gréasáin an Bhoird um Chúnamh Dlíthiúil ag www.legalaidboard.ie.